School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na trí rudaí is salaigh amuigh:- muc, muilteóir agus [muilean]?
Na trí nidh is doilbigh:- cráin muice, sguic giorsa agus cearc ghuir
Na trí nidh is croidheamhlá:-
Uan a' dúil, meanain míosa, baintreabhach mná nach bhfuil ró aosta
Na trí rudaí is fuaire:-
Soc madaidh, glún fear, agus éadan casúir
Na trí rudaí atá doiligh fághail:-
Táilliúr nach mbeadh bréugach
Gréasaidhe nach mbéadh confadach,
‘S Sagart nach mbéadh sauntach
Na trí néithe is mí-fórtúnaighe amuigh:- dearg - daol, dreólán agus cul-fáithch
Na trí laethe is ainmneamhla amuigh:-
lá do bhaistigh,
lá do bhainnse,
lá do bháis.
Na trí nidh is roighne:- bean, cat ‘s caora
Na trí nidh is trochailte graice amuigh:- Táilliúr, figheadóir agus cat.