School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 253
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá mé amuigh i lár an locha. Thug an fáthach iarraidh amach ‘n-a dhiaidh agus baitheadh é. Bhí mé fein sábhailte annsin.
“Anois a Rí nach rabh mise comh ndeas do’n bhás leis an stócach seo?” le linn an chainnte bhí an bhánrioghan ag tabhairt éirtigh do’n sgeul. Sé an deireadh a bhí ar an sgeul go dteachaidh rí caoineadh. Chuir seo iongantas ar an rí agus d’fiosruigh dí caidé bhí oirthí. Is mise an páiste sin a sábhail an Gaduidhe Dubh agus mar gcreidigh tú mé amharc ar mo mhéir bhig. Ma’s mar sin atá arsa’n rí, “bheárfaidh mise ceathramha anama daobhtha agus bheárfaidh mé an t-each. Nuair a chualaidh siad seo, phreab siad le lúthgháir agus rinne siad réidh le h-imtheacht. D’fág siad slán ag an Rí agus an bhánrioghan agus phill abhaile.
Nuair a tháinig siad ar amharc an toighe, bhí an leas-mhathair mar d’fág siad í, ach nuair a chonnaic rí an t-each leo, thuit rí anuas agus marbhádh í. Gleásadh féarta mór do na buachaillí annsin(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Ceannfaele
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal