School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 252
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach agus shuidh mé i gcúl tumba sa’ roilig a bhí i gcúl an toighe. Chuaidh mé ar fáthach istoigh ag dearbha as a mnaoi, nach feol duine a bhí bruighthe aicí. Thaisbean sí mear bheag an pháiste dí agus chreid sé í, ach mar nach dteárn an méid a d’ith sé ach a chuid fiacla a líomadh, chuaidh sé amach a [“sibítail”]? fríd na coirp a bhí curtha agus a n-ithe.
Nuair a bhí sáith itthe aige annsin, luigh sé siar agus thuit sé n-a chodhladh, ba mhar damhsa gur thuit agus m’inntinn fein, “[?]? mo [sheas]?. Chuaidh mé isteach an toighe agus fuair me bior - iarann agus dhearg mé sa’ teine é go rabh sé dearg - té. Bhí an fáthach ar leath - sul agus sháith mé an bior sa’ t-súl a bhí slán. Phreab sé aniar i lár na mbonn agus tháinig an thosaigh. Leig mé liom sná fatha fásaig ach bhí se bruth suas liom. Sén rud a bhí deánadh an eolais anois do fáinne mhór a bhí aige a bhí sé caitheadh roimhis. Bhí mé fhéin caillte aige uair amháin agus agus ca dteachaidh an fáine ach suas ar mo ladhar mhór. Níor fhan mé le n-a tharraingt anois ach steall mé an ladhar díom leis an chlaidheamh agus chaith mé isteach sa’ loch í. Sgairt an fháthach leis an fainne ca rabh sé anois.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Ceannfaele
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal