School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní rabh an tailliúr ábalta é thógbhail ní n-é amháin a rhínneadh. Thug sé amach an fhideóg agus toisigh a séideadh. “Caidé an fúth a bhfuil tú deánamh sin?” “Tá deárbhráthar damh na ghab dubh thall annsin agus da mbéadh an órd mór sin aige, dheánfadh sé cúir do”. “Leoga fhéine ní bfuigh sé sin órd mór m’athar” arsa sise. “Isteach ‘na toighe libh go dtí i mbárach”. “Tá coire annsin agus línfidh mise lán brachain agus ca bith féar agaibh is mó itheas, sé sin an fear a bhéidheas agamsa”.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, go dtí an tráthnona sin. Bhí an táilliúr ag útamail [thast]? agus caidé fuair sé ach craiceann bolain, taobh amuigh de sgiobail agus thug sé leis é agus d’fuigheal sé suas é agus rinne sé mála de agus chroch sé suas ar a thoiseach é. An cineal toighe a bíodh ann san am sin, ní bhíodh fuinneogaí ar bith orrthu agus shuidh an bheirt aca sa’ dhorchadas ag ithe. D’ith an fáthach leis gur thuit sé anuas de’n stól. Bhí an táilliúr ag caitheadh isteach sa’ mhála agus bhí sé n-a shuidhe i bfad indhiaidh an(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Congail
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Meenadreen, Co. Donegal