School: Mín na Croise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Choileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Croise
  2. XML Page 240
  3. XML “An Táilliúr agus na Cneámhairí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí a dheánadh agus dubhairt sé “Stad de sin”. Bhudh gearr gur mhothuigh sé ceann eile. Stad de sin, no brisfidh mé do mhuineal”. Ní rabh aon fhocal as do bheul gur mhothuigh sé ceann eile. Thárraing sé buille an óird mhóir ar a dheárbhrathair agus mharbuigh sé é.
    Thoisigh an t-oganach a bhí anuas an crann ag gáiridhe. D’aithin an fathach gurabh an t-óganach a bhí anuas an chrann a bhí a dheánamh. “Caithfidh mise deireadh a chur leat-sa” arsa’n fathach. Thug sé rúchladh amháin ar an chrann agus thug sé an crann amach ar an talamh agus thuit an tailliur anuas as an chrann. Shin sé clár fhad leis an fhathach agus nuair a chonnaic sé an gníomh a bhí deánta aige, ghlac an fáthach an eagla. Ní rabh moill eagla a chuir i ndiúl dó’n fathach agus dubhairt sé. “Caithfidh tusa a bhí abhaile liom-sa i n-áit mo dheárbhrathar. Béidh cinnte arsa’n tailliúr. Bean mhor fiadhanta atá ann mo mháthair agus nuair a tcífear tú i na sgannruigh.
    Bhí dhá fhiacal i dtoiseach a béil a dheánfadh steafóg in a bar. Bhí naoi troighthe, naoi n-uaire idear a dá cíoch agus airde Osgar ann a dá boinn. Agus leoga ní rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Mac g Congail
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Meenadreen, Co. Donegal