School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 162
- XML “Seilg Ghleann Léithín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)níos mó í. Chuaidh sia
Chuaidh siad siar annsin go Cruachain Connachta. Is iomaidh cath agus seilg a rabh siad ann ar feadh seacht mbliadhain agus i rith an ama sin, taisbeáin an Feardómhain go rabh sé ‘na gaisgidheach an [treunmhas]?. Budh é an ceathramha fear é a bfeárr ins an Fhéinn. Budh iad san :- Goll, Oscar, Diarmuid agus an Feardómhain. Nuair a bhí an seacht mbliadhain caitthe aige dubhairt sé go gcaithfadh sé ghabhail abhaile go bfeicfeadh sé athair. “Ní dheánfaidh tusa sin” arsa Fionn. “Fane agam seacht mbliadhna eile agus bheárfaidh mé an gealltanais ceadna duit”. “Ní rabh gar a bheith leis chaithfeadh sé ghabhail.
Nuair a chonnaic Fionn caidé mar bhí, dubhairt se leis go leigfeadh sé é ach é bheith cinnte gan ghabhail bealach na muice geárrtha. Bhí buaidh ar an Feardómhain, rud ar bith a crosfaidhe air, sin an rud a chaitheadh sé deánadh. “Och! Tá fhios agat anois go gcaithfidh mé gabhail arsa n Feardómhain. Bhí trí mhadadh aige. D’imthigh sé leis na madaidh agus dfág slán ag Fionn “Mo bheannacht leat” arsa Fionn.(continues on next page)- Informant
- Máire Uí Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 34
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal