School: Mín na Croise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Choileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Croise
  2. XML Page 123
  3. XML “Seán Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, d’imhtigh a mhathair agus thosaigh Seághan ar a chuid oibre. Ghlan sé an chlábar i leathtaobh agus annsin, chuaidh sé a chuartughadh na leac. Níor éirigh leis aon cheann fhághail agus annsin smaoitigh sé ar na tuirtíní min - chruaidhighil? A bhí deánta réidh ag n-a mhathair istoigh sa chofra. Dheamhan dath a rinne sé ach dhul isteach agus na tuirtiní a chóiriughadh mar chasan deas aniar fiúd an camhsa.
    “Go bfóirigh Dia orm”! arsa’n mhathair ag theacht isteach ar an doras “indiu a rinne tú an chleas” agus thosaigh sí chaoineadh. Ní rabh ann go rabh na súile tiormuigh aici nuair a tháinig an sagairt isteach chuicí. Indiaidh fáilte a chuir roimhis agus tráth bidhe. A dheánamh réidh dó chonnaic siad go rabh sé tuirseach, agus thuit an duine bhocht ‘n-a chodladh gan leabaidh gan adhairt, agus é ar an chathair.
    “Anois” arsan t-seanbhean le Sheághan, “ó thárlaigh gur chuir tú mo chuid aráin amugha orm caidhfidh mé imtheacht le tuilleadh a sholathair agus coimhead thusa an sagart agus na leig na cuileogaí a chomhair”.
    “Dheánfaidh mé mo dhithcheall as ndoighe” arsa Seaghan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Choileáin
    Gender
    Female
    Age
    34
    Occupation
    Múinteoir