School: Mín na Croise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Choileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Croise
  2. XML Page 122
  3. XML “Seán Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíodh na sagairt ibfad o shoin ar a seachnadh théidheadh siad thart ó theach go teach agus chaitheadh siad coicithghis thall agus abfos imeasg na mbocht inganfhios do na shaighdiurí agus thigeadh na daoiní as gach ceárn ‘na toighe sin le ceisteanna a chuir air agus a n-anam a dheánadh.
    Bhí baintreabhach agus a mac Seághan ‘na gcomhnaidhe ar thaobh cnuic agus thainig sé thart gur chuca a bhí’n sagárt le teacht an taom seo. Ní rabh Seághan ar an chuid ba chliste air - bíodh a mhathair i [gcómhnaí]? Radh go rabh sé easbhaidheach - agus na dhiaidh sin ní rabh an dochar sá duine bhocht, ach le sgeul fada a dheánadh goirid rinne siad réidh facoinne an t-sagairt. Glan an bhaintreabhach an cró beag toighe comh maith agus thiocfadh léithe agus annsin d’imthigh sí ‘un t-siopa leis na [neithe]? beaga a bhí a dhith oirthí do’n strainséar. “Anois” arsa sise le Seághan, “glan thusa suas an camhsa go maith agus cuir dórnán leac thall agus [abhfos]? ‘sa chaoi go mbéidh áit ag an t-sagart le n-a chosa a chuir. “Deánfaidh cinnte” arsa Seághan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Choileáin
    Gender
    Female
    Age
    34
    Occupation
    Múinteoir