School: Mín na Croise

Location:
Mín na Croise, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Choileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Croise
  2. XML Page 120
  3. XML “Seán an Bháta Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus thug sé leis a bhata mór agus d’imthigh leis.
    Tháinig sé fhad le cladach agus ar bhruach an chladaigh agus ar bhruach an chladaigh chonnaic sé bean ceangailte de stáca. D’fiosruigh sé díthe cé’n fa’th a rabh sí ceangailte [auis]? D’innis sí do go dtigheadh péist isteach gach seachtadh mbliadhain le duine a ithe agus go dtáinig sé ar a crann aicí an t-am seo í fheín a thabhairt dó. Dubhairt seisean gur mhór an truaighe sin agus go bhfanochadh sé feín go dtiocfadh an phéist agus go bhféachfadh sé le n-a marbhadh.
    Lá thar na bhárach bhí scaifte mór thíos ag an chladach agus tháinig an péist mór isteach agus í ag réideadh ar mire. Bhí Seán réidh fa n-a coinne agus thosaigh an troid eadar a’ bheirt. Bhuail Seán buille oirthí leis an bhata mhor agus d’imthigh sí amach agus í cur na fola. Tháinig sí isteach an dara h-uair agus í ar mire ag réideadh agus ag builgearnaigh. Bhí sí ar cur na fairrge i-n áirde sa’ spear agus a dá súl ar lasadh. Thug Seán an darna buille dí agus thobar nach sgaith sé’n ceann díthe agus d’imthigh sí amach airís. An triomhadh h-uair a pill sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Choileáin
    Gender
    Female
    Age
    34
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Mín na Croise, Co. Donegal