School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 119
- XML “Seán an Bháta Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chonnaic na saighdiúrí gur amadan a bhí ann agus d’imtigh siad marbh leis na gáirrdhe.
Bhí fhios ag mhathair Sheáin go leigfeadh sé an cat as an mála ain éighintheacht agus d’iarr sí air balughadh leis ar ainsear. D’imthigh sé leis ins ‘na “saoi súmannaí” i n-a rith súmannaí go rabh cnoc da léim agus glean da túshlóg agus luthgháir air go rabh sé gabhail i gcionn an t-saoghail. Chuaidh sé ar aimsear agus d’innis sé go rabh bata aige a rabh seacht bpunnta meádhcáin ann.
Chuaidh sé amach leis na ba an mhaidin sin ach ní fhacaidh sé dadaidh iongantach. An dara lá ní fhacaidh no níor chualaidh sé dadaidh iongantach ach oiread. Nuair a chuaidh sé amach an triomhadh maidin, chualaidh sé tormán ag teacht. Cé bhí ann ach fáthach mór agus chuir sé troid ar Sheán. Nuair a bhí sé cómhair a beith marbh ag Seán, labhar an fáthach leis agus agus dubhairt sé. “Fóill ort, is tú an gaisgidheach is feárr a casadh orm ariamh”! “Bhéarfaidh mé eolas dhuit ar an chlaidheamh is feárr ar an domhain agus ar an each is luthmhaire ina léigann tú cead ina chin liom”. “Ní maoin atá mise ag sanntughadh ach do ceann” arsa Seághan “agus is liom-sa sin ó do lámh-sa amach. Mharbhuigh sé an fháthach agus d’imthigh leis go teach an fháthaigh. Bhí fhios aige ca rabh an t-óir(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 34
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Mín na Croise, Co. Donegal