School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 115
- XML “Bráthair Ó Concubhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an stócach abhaile annsin agus lathar n-a bhárach, d’innis sé an sgeul do mhuinntear, agus nuair a chuailidh siad gur shlug sise an grota páipeáir, dubhairt a atar leis go rabh sé díolta leis an diabhal, agus anois arsa seisean “caithfidh tú ghabhal chuig an sagart. Chuaidh sé fhad leis an t-sagart seo agus dubhairt seisean nach dtiocfadh leis aon dath a dheánidh do go gcaithfeadh sé ghabhail chuig sean - sagart a bhí n-a leitheadh seo d’áit. Chuaidh sé fhad leis an tsean - sagart seo agus dubhairt seisean nar b’feídir leis aon nidh a dheánadh dó go gcaithfeadh sé ghabhail chuig Brathar O’Concubhar.
Shiubhal sé leis go dtáinig sé go teach Brathair Uí Conchubair, agus sgríobh seisean leitir dó agus d’iarr air an leitir a leanstan. Lean sé an leitir go dtáinig sé chuig crois-bhealach a rabh cúig bealaigh ag castail ar a chéile. Chuaidh an leitir síos faoi’n talamh agus lean an fear é go dtáinig sé go geaftaí Ifrionn.
An fear a bhí ag an gheafta, d’fiosruigh sé dó cardaí a bhí a dioghbhail air. D’innis sé a gnoithe dó agus chuir fear an gheafta fachoinné’n caislín agus tháinig sí. “Tabhair an sgríbhinn do’n bhuachaill seo” ar seisean “go [taraid”]? ach dubhairt sí nach dtabharfadh. D’iarr sé an sgríbhinn an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 34
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal