Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 113
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rith Nóraic ‘s Mailc, Eoin ‘Ac a Chailc, Uaitear Atha, Uaitear a Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, an Gearrfhiadh Donn gur casadh orthú Coinín i bPoll.
A Choinín i bPoll chugat a’ Bás.
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúl annrúd é.
Rith Nóraic ‘s Mailc, Eóin ‘Ac a Chailc, Uaitear Athá, Uaitear a’ Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, An Gearfiadh Donn, Coinín i bPoll gur casadh orthú an Madra Gaedhealach
A Mhadra Gaedhealach chugat a bhás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúl annrúd é.
Rith Nóraic a’s Mailc, Eoin Ac a Chailc, Uaitear Atha, Uaitear a Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, an Gearrfiadh Donn, Coinín i bPoll, an Madra Gaedhealach gur casadh orthú an Láir Bhán
A Láir Bháin chugat a’ Bás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá siúl annrúd é.
Rith Nóraic ’s Mailc, Eóin Ac a Chailc, Uaitear Átha, Uaitear a’ Mhuileann, Saghart Beag na Cille,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Peigí Ní hEigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Teileann, Co. Donegal