School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tamall ‘na dhiaidh seo agus iad ‘na suidhe thart fa’n teine, chualaidh siad an tormán fa’n doras agus labhair an glór amuigh. “Is mise bhur mhathair, leigigidh isteach mé”. Cuir isteach do chor ar bhun an dorais go bhfeicimidh arsa’n ingean ba sine. Cuir sé agus nuair a chonnaic sí an crúb, d’aithin sí gurab é an mac tire a bhí ann agus rith sí leis an tuagh agus sgiob bárr na coise de. Leig sé uaill amhain millteanach agus ar siubhal leis fríd an choill ar trí chosa agus é ag mairignidh go truaigh bheileach. Casadh an madadh ruadh air. Goidé sin ort a dheárbhrathar dilis? ars seisean. “Ó thá arsa’n mhac tire, chonnaic mé an gabhairín curcach ag imteacht go luath ar maidin fachoinne brosna agus chonnaiceas damh go mbéadh béille maith agam ar a clan ach h-iarradh orm mo chos a chur isteach ar bun an dorais agus amaideach go leór rinne mé sin agus sgiob an bhean ba shinne an crúb dióm le tuagh. “Bal” arsa’n madadh ruadh béidh mise ionchurtha leíthe.
D’imthigh sé leis fríd an choill agus chuartaigh sé go bhfuair sé cos gabhair agus níor stad se go rabh sé ag cró na [bpáirte]? Agus chuir sé cor an gabhair isteach ar bun an dorais. Shil na creatúir gurb í ‘n nháthair a bhí an agus d’fosgail siad an doras agus cé bhí ann ach an madadh ruadh.
“Cé aca bhfeárr libh mé bhur shlugadh nó bhur gcognad”. Bfeárr linn ar shlugadh arsa’n créatúr budh(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 31
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal