School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 106
- XML “Scéalta fán Mhadadh Rua - An Madadh Rua agus an Bhonnóg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amuigh ag bainnt fear corram agus nuair a connaic sé an bunnóg ag teacht, smaoitigh sé gur mhaith an féasta a dheánfadh a chuid páistí oirthí agus dubhairt sé:-
“Ca bhfuil tu gabhail a bhunnóig”?
“Siar annseo de d’aindeoin”
Lán peín ag rathaidh, lán peín a’ rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
Chaith sé an chorran na diaidh ach ní bhfuair sé ach sliosna beag amhain de’n chóirneail agus d’imthigh an bhunnóg léithe
Nuair a tháinig sí chuig an tríomhadh teach bhí sean amuigh ag gearradh brosna. Bean bhocht a bhí inntí agus chonnaiceas dí gurb í seo an bhunnóg a bfeárr a chonnaic se ariamh léim sí amach thar an claidhe agus thug iarraidh píosa a bhainnt dé na taobh ach níor eírigh leí:
Ca bhfuil tú gabhail a bhunnóig”?
Siar annseo de d’aindeoin
Lán peín a rathaidh, lán peín a rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
D’imthigh an bhunnóg léithe agus níor stad sí go rabh sí ag an fhairrge agus cé tcí sí ‘na sheasadh riompí ach an madadh ruadh ag an chéidh. Ca bhfuil tú ag gabhail arsa’n madadh ruadh léithi. “Tá mé ag gabhail anon trasna’n chuain” arsa sise. “Tá missed ag gabhail fosta ars seisean, agus thig leat gabhail suas ar mo dhruim. “Maith go leor”! arsa’n bhunnóg, agus rinne amhlaidh.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 31
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal