School: Gleann Sál (roll number 12627)

Location:
Gleann Sál, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Ceithearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0153, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Sál
  2. XML Page 266
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear agus bean ina gcónaí i dteach aon uair amháin.

    Bhí fear agus bean na gcomh-nuidhe i dteach aon uair amháin. Ní raibh aon chlann acu. Bhíodh an fear seo i gcomhnaidhe ag iasgaireacht. Agus thárla sé an lá seo go raibh sé ag iasgaireacht gur rug sé ar Gaill Iasg. Labhair an Gaill Iasg agus dubhairt. “Leig amach aríst mé agus i gceann bliadhna nó mar sin beidh beirt mhac agaibh.” Leig an fear amach aríst é agus d'imthigh leis abhaile.
    Bliadhain na dhiaidh seo bhí beirt mhac acu agus is é an t-ainm a tugadh ortha Dubh Mhac agus Donn Mhac. Nuair bhí siad bliadhain is fiche d'aois dubhairt an t-athair le Donn Mhac imtheacht agus a chuid fhéin a shaothrú. D'imthigh sé leis agus nuair bhí sé ag imtheacht thug sé leis Dubh Mhac go tobar. Nuair shroicheadar an tobar seo, dubhairt Donn Mhac le Dubh Mhac. Féach ar an tobar seo gach lá as seo amach agus nuair bhéas barr meala agus bun fola beidh mé beo agus nuair bhéas barr fola agus bun meala beidh mé marbh. D'imthigh Dubh Mhac abhaile annsin agus d'imthigh Donn Mhac a bhóthar fhéin.
    Gach lá na dhiaidh sin théigheadh Dubh Mhac go dtí an tobar agus an lá seo nuair chuaidh sé ann bhí barr fola agus bun meala air. Ní dheacha sé abhaile an lá sin cor ar bith ach d'imthigh leis ar lorg Donn Mhac. Chuaidh sé isteach sa gcéad teach a casadh leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish