School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 23
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí bean ann am amháin agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire Bobanta.”
(continued from previous page)neon agus dorchadas shuidh Máire ar chluic ag deánamh a sgithiste, Ní rabh i bhfad go dtáinig éan fhad leithe agus dubhairt sé " chuid ar leith na gcoimín a Mháire" Thug Máire leath an tuirtín dó'n éan "Tarraing cleite as mó ruball a Mháire agus bhéirfidh sé fríd gach gabhadh a choidhche thú. Rinne Máire mar h-iarradh uirthí. D'imthigh sí léithe annsin aus chuaidh sí fhad le teach a bhí fá ghiota dithe. Seo an áit a rabh a beirt deirbhsiúra ar fastódh agus rinne sise fostódh leis an fhear fosta. Bhí an triúr i gcuideachta a chéile airist.
Bhí éad ag an fhear seo dó'n triúr no bhí siad deas dóigheamhail agus bhí a thriúr ingheanach féin grándha agus bhí siad fallsa. Rinne sé amach iad a chur chun báis. Chuir sé a chuid ingheanach féin ag an bhalla san leabaidh agus chuir sé éadach dearg ortha. Chualaidh Máire seo agus i lár na h-oidhche d'éirigh an triúr agus chuir siad ingheanacha an rí (toighe) ar an cholbhadh. Luigh siad fhéin ar an taoibh thiar daobhtha agus chuir siad an t-eadhach dearg ortha fein. D'éirigh an rí agus marbhuigh sé a chuid ingheanach fhein. D'imthigh an triur eile ins na fátha fásaigh.
Ar maidin chonnaic an fear go rabh a chuid ingheanach marbh agus go rabh an triúr eile imthighthe. Lean sé iad agus bheir sé ar Mháire bobánta. "Tá bás mó thriúr ingheanach leat a Mháire Bobanta" arsa seisean. "Tá sin liom" arsa Máire Bobanta. "An dtiocfaidh tú airíst a Mháire Bobanta" arsa seisean. "Tiocfadih má bhéireann mó[?](continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal