School: Cnoc na Naomh

Location:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 20

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1072, Page 20

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Naomh
  2. XML Page 20
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail.

    (continued from previous page)
    a bhí ag fás san gharradh a shnathadh leis an bhá. Nuair a d'imthigh fear an toighe chuir sise fá dhéin an bhuisteóra go mairbhfeadh sé an bhó dithe. Mharbhuigh seisean an bhó agus nuair a d'imthigh sé rann sise an bhó ar an chál.
    Nuair a thainig fear an toighe an oidhche sin dubhairt sise "Rann mise an bhó agus an cál ar a chéile." "Caidé a dubhairt tú" arsa seisean, "Tá, gur mharbhuigh mé an bhó" arsa sise. "Ó tchídhim, tchídhim, " arsa seisean " gur ag éirigh amaideach atá tú". Ar maidin an lá thar na bhárach nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt sé "Sábhail an t-airgead seo fá choinne na coise tinne". Ní luaithe a d'imthigh fear an toighe na seo isteach fear agus é bacach. "An tusa fear na coise tine" arsa sise. " Is mé go díreach" arsa seisean. "Bhal seo airgead a d'fág fear an toighe fá dó choinne" arsa sise. Nuair a fuair sé an t-airgead d'imthigh sé agus é breágh sásta
    Nuair a thainig fear an toighe an oidhche sin dubhairt sise. "Bhí fear na coise tine annseo ó shoin agus thug mé an t-airgead a d'fág tú fá na choinne dó.""Orú amaideach a bhí tú agus amaideach a béas tú" arsa seisean. "Tarraing an doras amach in dó dhiaidh" arsa seisean "agus caithfidh muid imeacht chruinnuighadh" Thóg sise an chomhlaith ó na h-innsí agus d'imthigh sí 'na dhiaidh. D'amharc seisean na dhiaidh agus tcídh sé ise agus an chomhlaith ag teacht "Cá bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Mac Gabhna
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal