School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 14
- XML “Seanscéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéalta (continued)
“Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.”
(continued from previous page)agus annsin rachfamuid soir go dtí muileann an Choraidh-Crioganaidh agus gheobhaidh muid min deánta."D'imthigh siad agus nuair a bhí said san muileann, dubhairt siad le fear an mhuilinn go rabh ceithre chéud coirce leo agus gur mhaith leo min a fhaghail deánta roimhe an tSatharn. Dubhairt an muilteór go mbéadh agus fuair siad min deánta.
Ins an am seo bhí rí 'na chomhnuidhe ins an ceanntar seo. Bhí muc dé chuid an an righ ag teacht isteach gach lá agus bhí sí ag tochailt an urlair. "Bheirfidh mé seans amháin eile duit agus má thig tú isteach lábéidh anlann againne ó sin amach" ars an stócach. Thainig an mhuc isteach an lá thar na bhárach mar an gceudhna. fuair an stócach greim uirthi agus mharbhuigh sé í. Shocruigh an rí plean le fághail amach an rabh an mhuc aca. chuir sé sgéala amach go rabh damhsa le bheith aca. Chuir siad a mathair isteach ins an chórtha agus d'iarr áit i dteach an tsean-lánamhain do'n chórtha. In am luighe d'iarr an stócach ar an tsean bhean giota dé'n muic-fheoil a rósadh, Tabhair aire nó tá mó chroidhe ag inse damh go bhfuil duine éiginteach san chórtha. Bhí an bhean na suidhe agus í ag cuir cluas uirthi féin, Bhí oiread feirge (uirthi) air(continues on next page)- Informant
- Bríghid Nic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal