School: Caiseal na gCor (roll number 3294)

Location:
Caiseal na gCorr, Co. Donegal
Teacher:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal na gCor
  2. XML Page 299
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.

    (continued from previous page)
    dubhairt an gasúr gur eirigh leis go maith. Nuair a fuair an gasúr a shuipear, dubhairt an fear leis nach dteacaidh gasúr ar bith siós annsin nach marbhuigheadh. Lá ar na bhárach chuaidh an gasúr siós airist agus shuidh sé ag geafta na coilleadh agus ní rabh sé i bhfad na shuidhe annsin go dtainig fathach eile aníos. Bean a bhí sa cheann seo agus bhí fiacla inntí níos fuide na maide-briste Chur sí ceist ar an ghasúr cad chuige ar mharbhuigh sé a mac. Dubhairt an gasúr go mairbhfeadh sé ise fosta. Rinn sí iarraidh ar an ghásur ach chuir seisean amach an rópa agus cheangail sé an fathach go dti crann mór. Chuir sé amach bata oír annsin agus mharbhuigh an bata í. Thainig an bheirt chuige araist agus chur sé in a phoca iad.
    Shil an gásúr go rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish