School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 297
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.”
(continued from previous page)sé i dtriobloid agus d'iarr sé air poll a dheanamh leis an spád agus é fhein a chur ann.
Nuair a bhí an troid thart chuaidh an gásúr isteach agus bhí an bheirt marbh. Chuaidh sé fhad leis an tarbh s'aige fhéin agus d'amharc sé i gceann de na cluasa agus bhí bata óir ann agus rópa úr, sa chluas eile bhí spád. Rinn sé poll leis an spád agus chur sé an tarbh ann. D'imthigh sé leis annsin agus thug leis an bata oír agus an rópa. Bhí sé ag siubhal leis agus casadh fear air. Chuir an fear ceist air ca rabh sé ag gabhail. Dubhairt sé go rabh sé ag cuartughadh oibre. Dubhairt an fear leis annsin go dtabhairfeadh seisean sé phunta do ar feadh sé mhí da bhfanochadh sé aige. Dubhairt an buachaill go bhfanochadh sé aige(continues on next page)