School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 295
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.”
(continued from previous page)agus d'innis sé do na daoine beaga caidé bhí a athair ag gabhail a dheanamh Thug na daoine beaga punnta dó agus d'iarr siad air é a thabhairt do'n bhuaistear agus (go mbuailfeadh sé an chead bhuille ar an bhalla nuair a thiocfadh sé leis an tarbh a mharbhughadh.
Thainig an buistear agus thug an buachaill an punnta dó agus d'iarr air an chead bhuille a bhuaileadh ar an bhalla. Fuair an gasúr greim ar ruball an tairbh agus bhuail an buaistear an chead bhuille ar an bhalla agus d'imthigh an tarbh na rith. Choinnigh an gásúr greim ar an ruball go dtainig siad fhad leis an pháirc a rabh tarbh eile ann. Bhí an tarbh seo iontach laidir ach bhí an ceann a rabh ag an buachaill i bhfad ní ba laidre na é. Chuaidh sé isteach(continues on next page)