School: Caiseal na gCor (roll number 3294)

Location:
Cashelnagor, Co. Donegal
Teacher:
Donnchadh Mac Giolla Chearr

Filter stories

Back
/ 308 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh.

Sgéul:-
Bhí buachaill ann uair amháin agus fuair a mhathair bás. Phos a athair bean eile agus bhí sí iongantach cruaidh. Chuireadh sí an gasúr amach a bhuachailleacht achan mhaidín gan breicfeasta ar bith. Bhí na daoine beaga ins an pháirc a rabh an buachailll ann agus thigeadh siad amach achan mhaidín le tae agus arán do'n bhuachaill. Lá amhain thug siad tarbh deas do'n bhuachaill agus bhí doigh bhreagh air annsin.
D'eirigh an leas mhathair tinn nuair a bhí sí sé bliadhna pósta Thainig an doctúr agus dubhairt na bhfuigheadh sí biseach go dtí go niosfadh sí cuid feola an tairbh, Chuir an t-athair sgeula chuig an bhúistear a theacht agus an tarbh a mharbhughadh. Nuair a chualaidh an gásúr sin chuaidh sé síos go bun na páirce

(continues on next page)
Language
Irish