School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 291
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill ann fad o shoin ar b'ainm do Seán agus bhí sé ina chomhnuidhe le na mháthair. Bhí siad ionntach bocht agus ní rabh mórán acu le h-ithe.”
(continued from previous page)Bhí sé 'na shuidhe leis féin ar feadh tamall fhada, agus níor mhoithigh sé a dhath go dtí lár na hoidhche. Annsin mhoithigh sé an trop ag an doras. Chuaidh sé amach agus a chlaidhimh leis, ach ní rabh ann ach go rabh sé amuigh nuair a bhí an fáthach ar shiubhail ar cosa anáirde. D'imthigh Seán amach 'na dhiaidh agus fuair sé greim air thar a leath. Chuir sé a chlaidhimh fríd achán áit a dtiocfadh leis go dtí sa deireadh gur mharbh sé é.
Annsin ag pilleadh dó thainig an bhean ceadhna fhad leis a chonnaic sé an oidhche roimhe sin, agus thug sí cleit bhán do an oidhche seo agus d'iarr air í a chongbhail go curamach. Phill sé 'na bhaile annsin agus bhí an mhaidin ann nuair a shroich sé an baile. Chuaidh sé isteach annsin agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal