School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 250
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí stócach ann aon uair amháin agus bhí sé ina luighe san luaighe-bhuidhe seacht mbliadhna go dtí sa deireadh gur fhás a chosa amach fríd binn an toighe.”
(continued from previous page)raibh i bhfad shuas go dtainig chonnair isteach agus fear intí. Thoisigjh sé a' throid le Seáin. Bheir Seáin ar chuir isteach sa mhuillean é agus mhill sé suas go dtí an da ghlúin é.
D'iarr sé ar Sheáin é a leigint amach. Leig ach nuair a bhí sé ag teacht amach ar an doras thug sé leis bearad Sheáin. Bheir Seáin arís air, agus muill suas go dtí an da ghualainn é. Leag Seán amach annsin é agus d'imthigh sé.
Annsin leig Seán amach é agus thainig Seáin anuas go teach leard. D'imthigh leard anonn chuig Cailleach na gCearc agus sgaol urchor léithe. Dubhairt sé mar a bhfuighfeadh sé breith bais ar Sheáin go gcuirfeadh sé i fhéin . 'un báis.(continues on next page)