School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 234
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Fad o shoin agus fad o shoin é. Bhí sin ann siud 7 seo. Ní rabh mé féin ariamh gan sean-sgéal no sgéal úr, no chumfainn sgéal no bhéinn gan aon sgéal. Bhí diulach ann a dtabhairfeadh siad bodach a' Tacain air, agus bhí gearrán aige a dtabhairfeadh siad an”
(continued from previous page)Casadh cailleach orm ag an droichead. " Bad manners" arsa'n chailleach " No manners" ars mé féin. Thoisigh an troid againn go ndearnmuid sgriogán do'n bhogán, bogán do'n chreagán, tobar beag fíor-uisge i lar na gcloch glas go dtiocfaidh a rabh in Iachtar Domhain (amharc agus in uachtar domain amharc aerach is iontas ar mhéid is bhuail mé féin agus an chailleach ar a chéile. Shin mé liom. Casadh trí eaglomain orm, a Giollach na gcúl teannaidhe, an béal Rabhairt, agus ag bainnt cabaiste. " Dia agus Muire" ars mé féin, " Nach bréagh an gcabáiste i sin"! " Bodaigh mhiorluigh [?] can sin gcabaiste acht burla, barla a chuir Dia na Glóire chun ár sinnsear do chothughadh agus a gcoingbhail suas in óige agus i n-aice a cheile." Chonnaictheas domh(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Cómghail
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Mín Átha Buí, Co. Donegal