School: Caiseal na gCor (roll number 3294)

Location:
Caiseal na gCorr, Co. Donegal
Teacher:
Donnchadh Mac Giolla Chearr
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal na gCor
  2. XML Page 223
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí stocach beag agus a mathair na gcomhnuidhe i dteach leo fhéin agus bhí siad iongantach bocht.

    (continued from previous page)
    ní raibh sé i bhfad go raibh sé ar an taobh eile.
    D'amharc an stocach thart ath-uair agus chonnaic sé an sean-dhuine na dhiaid, agus d'innis sé do'n chailín é. D'iarr sise air amharc i gcuail an chapall. D'amharc agus fuair sé cnap salain ann. D'iarr sí air é chaitheamh na dhiaidh. Chaith agus thainig loch mhór ann.
    Thoisigh an sean-dhuine agus an capall agus an madadh a d'ól an uisge. Bhí siad ag ól leo go dtí gur bhleasg siad. Ní raibh an stocach agus an chailín i bhfad o'n bhaile. Nuair a thainig sé fhad leis bhí sé na suidhe istoigh ag gabhal a cheoil. Bhí lughthar a croidhe air nuair a chonnaic sí é. Ní raibh i bhfad an dhiaidh sin gur posadh an cailín agus an stocach agus tá siad go maith o'n lá sin go dtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnall Ó Searcaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal