School: Caiseal na gCor (roll number 3294)

Location:
Cashelnagor, Co. Donegal
Teacher:
Donnchadh Mac Giolla Chearr

Filter stories

Back
/ 308 Forward
Resolution: Low | High
Scéal - Cuntas ar Chur Amach na nDaoine

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgeúl: Cunntas ar cur amach na ndaoine ( Evictions 1879)
Oidhche amhain fadó bhí sgaifte ban ag cárdail agus ag sniomhachan i dtoighe Mháire Nic Giolla Dhruidhe ar an Bhealtaine. Bhí spórt mór acu i gcionn na hoibre agus bhí Maire ag cainnt go greannmhar.
Níor mhothuigheadar ariamh go dtainig an torman go dtí an doras. Da'r fiadh arssa sise agus rith sí go dtí an doras. Cé thainig isteach ach an fear seo. Fear mór láidir brioghmar a bhí san fhear seo agus cuma gharbh i gceart air. Thuit an teach 'un ciuinidheas comh luath agus thainig sé isteach.
Pace mór de chuid na Sasana a bhí san fhear seo. Siar i nGleann na h-Ola a bhí sé na chomhnuidhe. "Caidé dó shiubhail anois fa'n am seo d'oidhche." arsa Máire leis

(continues on next page)
Collector
Seamus Ó Gallchobhair
Gender
male
Informant
Cáit Ní Ghallchobhair
Relation
parent
Gender
female
Age
43
Address
Cashelnagor, Co. Donegal
Language
Irish