School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 186
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean ann am i amháin agus bhí triúr nigheanach aicí, agus posadh an triúr, agus núair a tháinig i lá a rabh siad ag gabhail i gcionn a tsaoghail dubhairt an mháthair leobhtha anois tá sibh ag imtheacht i dteach díbh fhein agus na bigid a lá coidhche g”
(continued from previous page)dubhairt sí le na fear. Níl fhios agam," a dubhairt a fear. Smaoitigh sí fhéin annsin agus thug sí léithe slat a phota agus cheangal sí de ruball a cóta é. Chuaidh sí annsin i n-arcais a máthair ag cur fáilte romhpe, agus slat an phota greamuighthe de ruball a cóta aicí.
Thug a máthair fe dear an tslat phota crochta léithe agus dubhairt sí, A chailín cóir tá eagla orm nach déan tusa cúis, móran de bhean toighe. D'fan sí an oidhce sin ag an chead nighean. Chuaidh sé an dara h-oidhche ag an dara nighean go bhfeiceadh sí caidé mar bhí sise ag cur isteach a saoghail. Tháinig an dara nigean an mháthair ag teacht agus chuaidh sí asteach 'un toighe agus drupas mór uirthí ag smaoiteadh caidé an dóigh a gcuirfeadh(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Nic Aoidh
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal