School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 177
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon am amhain 7 bhí siad n-a gcomhnuidhe ag taobh cuain. Bhí mac amhain acu 7 ní rabh sé glan ar dhoigh ar bith.”
(continued from previous page)a shroich sé é chuaidh se fad le teach beag a bhí ar cheann an bhaile. D'iarr sé loistín ar mhuintir an toighe. Caidé bhí sa teach ach seanbhean agus fear óg. Níor smaointigh an fear ar an chomhairle a thug a bhean do. Nuair a bhí sé ag ól a shuipeardha an oidhche sin, bhí sé ag smaoineadh ar a bhaile fhéin agus caidé rith in a cheann acht an comhairle a thug a bhean do sul ar fhag sé an baile. Bhí fear eile ins an teach ceudhna a rabh sé fhéin ann. Feannaidhe a bhi ann agus bhí sé ag ithe i gcuideachta an fhir eile. Ní leigfeadh an náire do'n fhear bhocht an tábla a fhagail go mbeadh an feannaidhe réidh bhí an fear bocht in dóigh anasta nó bá mhaith leis(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Mín an Mhadaidh, Co. Donegal