School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 104
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí stóchach ann i n-am amháin agus d'imthigh sé a dhéanamh fastodh agus casadh maighistir air.”
Bhí stóchach ann i n-am amháin agus d'imthigh sé a dhéanamh fastodh agus casadh maighistir air. Chur an maighistir ceist ar an stóchach cá rabh sé ag gabháil. Dubhairt an stóchach go rabh sé ag gabháil a dhéanamh fástodh. Chur an maighistir ceist ar an stóchach an ndéanfadh sé fastodh leisean. Dubhairt an stóchach go ndéanfadh acht é cúig phunta a thabhairt dó. Dubhairt an maighistir go dtabharfadh agus d'imthigh siad leo go teach an mhaighistir. Dubhairt an maighistir dá gcuirfeadh an stóchach corruighe air go mbainfeadh sé an chluas de. Chuir an maighistir an stóchach suas 'un lafta ag bualadh cocháin agus cha dtug sé greim ar bith le(continues on next page)