School: Cnoc na Naomh

Location:
Cnoc na Naomh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Naomh
  2. XML Page 067
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Fad ó shoin bhí sean-bhean agus gasúr na gcomhnuidhe i gcró beag tighe. Ní rabh aca acht dosaon cearca.

    (continued from previous page)
    Táinig Rí na n-daoiní beaga amach agus chuir sé ceist goidé a bhí an buachaill seo a iarraidh. Dubhairt Séumas gur sin bó a mhatharda dubhairt an Rí nár bhí. D'innis Séumas annsin dó caidé a tháinig ar an bhó. "Tá sin ceart" arsa an rí agus thug sé amach mála mór óir acht ní ghlacfadh Séumas rud ar bith acht an bó. Nuair a chonnaic siad nac rabh maith a bheith leis d'iarr siad ar fhéin agus ar an bhó imteacht. Bhí gaoth mór ann agus chá rabh an bó sasta siubhal agus thosuigh Séumas ghá bualadh agus d'imrigh an bhó san ghaoth agus ní rabh bó ar bith ag Séumas le tabhart na bhaile chuig a mhathair annsin d'imrigh Séumas bocht leish na bhaile agus na caoifreain leis agus buaidhreadh mór air nár ghlac sé an t-airgead in áit na bó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish