School: Cnoc na Naomh

Location:
Crocknaneeve, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Cnáimhsighe

Filter stories

Back
/ 122 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1071, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Fad ó shoin bhí sean-bhean agus gasúr na gcomhnuidhe i gcró beag tighe. Ní rabh aca acht dosaon cearca.

Fad ó shion bhí sean bhean agus gasúr na gcomhnuidhe i gcró beag tighe. Ní rabh aca air dosaon cearca. Da ghnáchach leis an t-sean-bhean a bheir ag déanamh sguaba fraoich agus díolfadh sí iad ar an aona nó sin a rabh de slighe beacha aca. Da gháchach leis an ghasúr gabháil suas na chnuic gach lá fá choinne mála caoifrean. Ní rabh aca acht bó amháin agus ba gháchach léithi a bheith thuas ar an t-sléibh gach lá. Chuaidh an gasúr suas an oidhche seo fá choinne na bó. Nuair a bhí sé ag tarraing suas chonnaic sé sgaifte de na daoine beaga ag imirt. Dhual fear aca an liathríod isteach san t-súl ar Sheaumas agus ní rabh sé abálta rud ar bith a fheiceáil. Chuimil sé a shúl go cruaidh agus i gcionn tamaill bheag bhí sé abálta gach rud a fheiceál.

(continues on next page)
Language
Irish