School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 049
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear ann am amháin darbh ainm Seán. Bhí cró beag tigh aige féin agus a mháthair.”
Bhí fear ann am amháin darbh ainm Séan. Bhi cró beag tigh aige féin agus a mhathair. Bhí a ceann ag gabháil suas san t-simléar agus bhí a chosa ag gabháil amach ar an doras. Bhí fear na chomhnuidhe comhgarach do Shéan agus bhí sé iongantach saidhbhir. Dubhairt sé le Séan go dtiubhradh sé sgiobál dó dá mbuailfeadh sé an méid coirce a bhí aige. Dubhairt Séan go mbuailfeadh agus fáilte. Cuir sé amach an chéad inghean leis an choirce a cheangal. An chéad bhuille a bhuail Séan mairbh sé inghean an mhaighistir. Chuir an maighistir amach an dara inghean go bhfeicfeadh sé caidé a bhí ag coingbhéail an cháilin ba sine. Mairbh Séan an dara inghean fosta. Chuir an maighistir amach an tríomhadh inghean(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Earlaigh
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal