School: Mín Doire (roll number 16151)

Location:
Mín Doire, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 390

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 390

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Doire
  2. XML Page 390
  3. XML “An Doineann - Oíche na Gaoithe Móire 1839”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Doinean
    Oidhche na Gaoithe Moíre 1839
    Tá triúir déarbrathar na gcomhnuidhe suas an tír a dtugadh siad Ua Duada ortha agus slán an sgeálai bhín triúir aca díolta leis an diabhal.
    Fuair an fear deireannach aca bás san bhlian 1839 agus an oidhche a bhí sé ar lár go sábailidh Dia muid agus i bhfad uainn oidhche den chineál már saoghal Shéib sé agus réab sé agus rinneadh ár bocht.
    San bhaile seo tógadh géacha agus thainig siad i dtír astoigh ar Oileán Thoraigh-dhá mhíle dheug ar shiubhal. In aimsir an fhoghmhair a ghlac sé áit agus san am sin chá raibh an talamh roinnte mar tá se anois. Bhí piósa talaimh ag fear annseo agus píosa eile annsiúd. Bhí na píosa go léir fríd a chéile.
    Nuair a thainic an ghaoth mhór chuir sé an t-arbhar go leír fríd na chéile agus char dhadaidh an trup a thóg an ghaoth mhór le taoibh an clampar agus an caláin a bhí eadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Baoghaill
    Gender
    Male
    Address
    Mín na bPoll, Co. Donegal
    Informant
    Maedhb Uí Bhaoighill
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Mín na bPoll, Co. Donegal