School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 347
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)" Go dtáctár an beathach sálach" "Bhal" ars an mac "béidh mé níos críonnuighthe an dara huair." Dimthigh an péire leó gur cásadh lanamhain nua phósta ortha agus bhí an lanamhain na shuidhe ar cháisde agus bhí lamh saigesan thart mhuinneal saicise. Damharc an mac anáirde ortha agus dubhairt sé " Go dtáchtár an beathach sálach." "Goidé thug ort sin a rádh" ars an táthair. " Cad tuige nar dhubhairt tú " Saoghal fáda go mbéid agaibh.
Dimthigh an péire leó isteach an bhaile mhór fa choinne lóistín a fhághail an oidhche sin. Dubhairt an t-athair leis an mhac " Tá tusa iongantach tiocreach agus náireachtha mise, nuair a bhíos tú ag ól braon tae ins an teach seo buailfidh mise le mó bhróig ins an chois thú agus stád thusa den ithe." " Maith go leór" arsa an mac.
Fuair siad loistín agus nuair a bhi siad ag ól braon tae sgríol an cat an mac le na chrúb agus stád seisin den ithe. " Ithe a mhic" ars an t-athair, ach ní rabh maith dó ann. Bhí go maith chuaidh an péire acu a luighe agus thuit siad na gcodladh. Ach ní rabh a bhfád gur mhuscail mac agus thoisigh sé a rádh(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Brógáin
- Gender
- Male
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Ní Bhrógáin
- Gender
- Female
- Address
- Mín Doire, Co. Donegal