School: Mín Doire (roll number 16151)
- Location:
- Mín Doire, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Doire
- XML Page 328
- XML “Cailísí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beannuighthe. Bhí an sgéala ina measg i rith na seachtaine roimh roimh ré go raibh sagart ar na Rosaibh feár óg a bhí taréis orndneadh san Spáinn le bheith i láthair. Drátha an ama a bhí leagtha amach aige thainic ar mhuin chapaill agus eadach tíre air. Ghléas sé é fhéin agus rinne réidh le iobairt an Aifrinn a ofraíl suas.
Chuir sé an dubh-iongtanais ar na daoine an leabhar mór órnaideach a bhí aige agus na cailisí oir.
Fhad is bhiodh an t-Aifreann ag dul ar aghaidh bhíodh fear faire i dtólamh ag coiméád ar an ardán abh áirde comhgarach ionnus nach mbéadh caoi ag an námhaid ( Na Gaill-na halbanaigh bhuidhe_ theacht ortha ingan fhios.
Bhí an t-Aifreann thart agus an sagart ag tabhairt comairle dó na daoine an dóigh cheart le ultacha a mbeatha a iompear go foigdeach ionnus go mbéadh an luach saothair mór a fághail aca ar an t-saoghal eile. An tultach badh mó abhí le h-iompchar aca an masla a bhí siad fághail ó na Gaill cionnus bheith(continues on next page)