School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 324

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 324

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 324
  3. XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”
  4. XML “Béaloideas fá Chapaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Aicíd eile:- Is iomdha bó a bíos gamhain aicí agus a chuireas amach a cord. Rud iongantach contabhairteach seo. Sé an fáth go gcuireann siad amach a gcorp mar go loittear an t-eallach. Tá cuid de'n eallach a gheibheas bás leis agus tá cuid eile acú a gheibheas biseach leis. Caithfear a bheith iongantach cúramach ag cur isteach an chuirp. Tá daoine speisealta fá choinne seo. Níl sé ceart salacar de rud ar bith a bheith greamuighthe de'n chorp nuair a bhithear ghá chur isteach. Bó ar bith nach dtig a corp a chur isteach ní bhíonn gamhain ar bith aicí a choidhce aríst. Agus annsin tigeann aicíd eile ortha sé sin luigheann sí síos ar an talamh agus toisigheann sí a dhiúl a cuid bainne féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Béal oideas fá chapaill.
    Bhí fear ar an bhaile seo fadó arbh ainm do Éamonn Mac Pháidín agus bhí sé féin agus a mhac thíos ins an chladach oidhche amháin. Bhí capall agus carr leo fosta. Nuair a bhí siad tamaill thíos d'imthigh a t-athair[?] agus an carr gan mhothughadh ar sodar síos tóin na dumhcann. Níor lean an mac é nó bhí fios aige gur na daoine beaga a bhí ag tiomáint an chapaill. Tháinig sé aníos chun an bhaile agus d'innis sé an sgéal seo. Bhí an mhuinntir eile ag dul síos acht ní leigfeadh sé iad: "Níl maith díbh dul síos" ar sé, "nó chonnaic mise ag dul síos Gob an Chlóchain é"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Gaedhigh
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal