School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 320

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 320

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 320
  3. XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”
  4. XML “Drochamharc a Dhéanamh ar Eallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsin an giota éadaigh a chur faoi na soc tamall.
    Bhéadh biseach ar an bhó annsin.
    Peadar Ó Briain, Árdaidh Bhig, Gort an Choirce, Tír Chonaill.
    Is í Brighid Ní Bhriain a d'innis an dóigh leis an im a thabhairt ar shiubhal agus an léigheas, fá'n bhean a bhí thoir i mBaile na Bó. Pádraig Ua h-Árlaí a d'innis fá'n stócach a bhí ar fastódh ar an Lagan agus fá'n fhear as an Bhealtaine a raibh an capall leis. Máire Ní Bhriain a d'innis fán lánamhain a raibh an meathal acu.
    Brian Ó h-Árlaí a d'innis fá dhearbhrathair 'Seán Jack', agus Éamonn Mac Ruadhrighe a d'innis fán tórramh i gCill Ullta. As an Árdaidh Bhig, Gort a Choirce Tír Chonaill uilig iad sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó, nuair a bhíodh bean ag blighe na bó agus í braon de'n cheud bhainne a dhóirteadh, dhéarfaidhe go mbíodh an bhó tirim roimh seachtmhain ó'n lá sin, agus corr uair fósta bhéadh sin fíor.
    Seo sgéal i dtaobh droch amharc:
    Bhí fear i n-a choimhnuidhe i Mín na Lárach aon uair amháin darbh ainm Pádraig Ó Briain. Agus bhí fear eile air an bhaile agus tá go fóill darbh ainm Seán Ó Gallchobhair, agus bhí eagla ar chách roimhe nó ghníodh sé droch-amharc ar rud éiginnteacht i ngach teach a dtéigheadh sé isteach ann.
    Aon lá amháin tháinig sé isteach ar Phádruig agus cuinneóg bainne ghá bhuaileadh ar an urlár aige. Do tháinig Seán isteach agus shuidh suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. supernatural practices
        1. evil eye (~50)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal