School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 315
  3. XML “Cearca Goir”
  4. XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a n-aithneóchadh duine go bhfuil éan ins an uibh. Seachtmhain sula dtigidh siad amach tóg ceann de na h-uibheacha agus cuir eadar thú féin agus an solus í agus má bhíonn an bárr folamh béidh éan san uibh sin. Tá dóigh eile ann fosta:Tabhair leat scála uisce bhuig agus cuir na h-uibheacha go léir isteach ann, an ubh a fhanas ar bárr agus a rachas a bhogadaigh béidh éan san uibh sin agus an ceann a rachas go tóin níl éan ar bith inntí. Sé an biadh a gheibheas siad indiaidh iad a theacht amach, min choirce, min bhuidhe agus uisge galach anuas uirthí, agus deirtear go bhfuil ubh agus í bruithte go cruaidh an mhaith ag turcaigh óga le iad a thabhairt 'un tosaigh. Tá féar an ghlas iongantach maith ag géacha óga.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéaltaí fá dhaoiní a dtiocfadh leo bainne a thabhairt ó eallach.An dóigh a ndeánfadh siad é agus an leigheas a bhí air.
    An chéad lá de Bhealtaine bhíodh siad na suidhe sul i n-éirigheadh an ghrian. Théigheadh siad fhad le naoi dtobar agus bheireadh leo braon uisge as gach ceann. Dóigh eile:- A ghabháil go dtí toighthe a raibh tú ag gabháil a thabhairt leat an ima asta, Lá Bealtaine fosta agus sifín de'n mhuirineach a thabhairt leat. Níl fhios ciacu bhí deilín ghá rádh aca nó nach raibh. Bhí cuid eile aca a chruinnigheadh an méid salachair a bhíodh ar an urlár. Ghnídheadh siad "rí" (row) de thart l lár an toighe. Théigeadh siad féin isteach ann agus thosnuigheadh an deilín aca. Níl fhios caidé an deilín. (aca).
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Peadar Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Brian Ó hÁrlaí
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Brighid Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Mac Ruadhraighe
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ua hÁrlaí
    Gender
    Male
    Address
    An Ardaidh Bheag, Co. Donegal