School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 314
  3. XML “Marcáil na nAimhithe le Comhartha Speisialta”
  4. XML “Cearca Goir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhíonn an comhartha amháin ag achan duine, nó dá mbíodh ní aithneóchaidhe na caoirigh in aon chorr. Geárrann cuid de na daoine an olann de'n mhuineál acú agus geárrann cuid eile acú an olann de'n druim acú. Comhartha eile fosta an tarra. Cuirtear canna mór tarra síos ar an teinidh agus nuair a bhíos sé léighte acú dóirteann siad síos ar an druim acú é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cearca Guir
    Is gnáthach cuid mhór éilineacha a leagan i mí a Mhárta. Ar tús gheibhtear bocsa agus cuirtear cóchán glan ann agus 'na dhiaidh sin an chearc ghuir. Deirtear nach bhfuil ádh ar bith i n-uimhreacha cora (odd) go mór mhór trí déag siocar gurbh é "Iúdas" an tríomhadh fear déag a bhí ag an t-suipéar dhéidheannach; sin an fear a dhíol Íosa. Má leagtar éilín nuair a bhíos an lán mara lán deirtear gur coiligh uilig a bhéas air, agus má leagtar é nuair a bhios an lan mara ag dul amach deirtear gur cearca uilig a thiocfas as na h-uibheacha. Bíonn na h-uibheacha marcálta ag cuid mhaith de na daoine sé sin dá bhfuigheadh siad uibheacha iasachta agus iad a leagan fríd a gcuid fhéin Chuireadh siad marc eigín ortha go bhfeiceadh siad cé aca b'fhéarr a gcuid cearc fhéin nó an chuid eile. trí seachtmhainí a bhéas uibheacha cearc sula dtuigidh siad amach; mí a bhéas uibheacha lachan; cúig seachtmháiní uibheacha géacha agus an t-am céadna uibheacha turcaigh. Seo an dóigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal