School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin a gcuid cupaí agus cannaí stáin. Cruinnighean cuid mhór daoine isteach a dh'éisteacht leo.
- Biadh na n-AinmhidhtheBa ghnáthach leis na seanduiní fadó báirnigh a thabhairt dá gcuid muc nuair a bhíodh gaile salach aca. Baineadh siad lán scála báirnigh agus chuireadh siad síos ar an teinidh iad go dtí go n-éireochadh guil ortha. Bhaineadh siad na sligeáin asta annsin agus bheireadh siad an súbh agus na báirnigh ar maidín agus san oidhche dé'n mhuic. Chuireadh siad anuas ar na preataí iad.
Ins an earrach bhaineadh na daoine col-faithche fá choinne bainne a bheith ag a gcuid eallaigh agus fosta préataí bruithte nuair nach mbiodh aon rud eile aca. Chuireadh siad uisge galach ar an chol faithche fá choinne í a sgalladh agus an súbh a bhaint aistí. Bhrúigheadh siad aitinneach fosta Bheireadh siad leo casúr mhóra adhmuid agus chaitheadh siad leac trom a fhághail fosta. Bhuaileadh siad an aitinneach leis na casúir mhóra seo go ndéanadh siad go mion é. Deirtear gurab é sin an biadh a b'fhéarr fá choinne an bainne.
Nuair a thigeadh an galár garbh ar na caiple fadó, bhaineadh na seanduiní gairléog agus chuireadh siad an súbh agus leann dubh meascaidhe fríd a cheile, isteach i mbuidéal agus chuireadh siad i mbolg na gcapall é. Bheireadh siad leo tae láidir agus sóid fríd a chéile, amanna eile, agus ghníodh siad an cleas ceudna leis. Biadh eile fosta a bheireadh said daobhtha{?}(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal