School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 296
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Seo Lucht Siúil Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin;- Bhí stócach ann am amháin agus cheannuigh sé clog dá athair agus dá mháthair sula ar inthigh sé go h-Albain. Bhí go maith agus chár rabh go h-olc, d'imthigh sé agus an bhliadhain i na dhiaidh sin tháinig sé 'na bhaile arais. Nuair a bhí sé cupla lá sa bhaile chonnaic sé an chlog seo i-na luighe san fhuinneog. Bhí sí stopidhte. Chuir sé ceist ar a mháthair cad chuige nach rabh sí ag dul agus caidé bhí conntráilte.
Dubhairt sise go rabh sí briste. D'fhosgail an buachaill amach í go bhfeiceadh sé caidé a bhí ceárr agus caidé chonnaic sé i-na luighe istigh inntí acht ciaróg mhór
"Níor iongantas ar bith í a bheith stapaidhthe nó tá an tionmánaidhe marbh" arsa seisean. Bíonn Allaic ag díol earraí beaga eile. Tá Domhnall Ó Cearbhaill marbh le bliadhain. - Seo Lucht Siubhail eile.
Seo ainmneacha an mhuinntir a bhí ann fadó:
Seán an t-sodair, Méadbha Ní Gairbheach, Antoine Beag, Micheál Chordáin, Domhnall Ua Rabhartaigh, Domhnall Mháire Tadg Antoine Cáit Phaddy Blow, Cearalán .beag, Bol dearg, Domhnall an bhocsa, an "Sloper", Máire bheag na cuilte agus Éamonn dall.
Micheál Cordáin:- Nil fhios cé'n baile arbh as é acht i bparróiste Chlocih Cheann Fhaoilidh a rugadh é ar scor ar bith. Bacach a bhí ann agus duine ar bith nach dtugadh rud éiginteacht do, dheánfadh sé deilín dó. Seo ainmneacha a thug(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal