School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 289
  3. XML “Seanfhocla”
  4. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur sé h-uaire a bhíodh siad ar an bhealach.
    15. Fear na bó é féin sa ruball
    Tchífidh tú seo cruithuighthe i gcomhnuidhe. Má bhíonn an bhó i n-abair is ar fear na bó é féin a chuireann sí buaidhreadh. Bíonn sé féin i gomhnuidhe sa ruball aicí ag cuidiú léithe.
    Nóra Ní Ghallchobhair, (Machaire - rabhartaigh), Mín - na -Lárach, Tír-Chonaill
    Cáite Ní Ghallchobhair, Mín -na -Lárach, Gort- an -Choirce, Tír- Chonaill
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sean-Fhocla.
    Is í Machaire - Rabhartaigh an baile fearainn agus is Cloich-Cheann-Fhaoilidh ainm an pharóiste.
    1. Cam díreach an ród sé an bealach -mór an aithghiorra.
    Dá mbéadh duine ag dul áit ar bith agus é bealach goirid a fheiceáilt. Tharraingeochadh sé ar an aithghiorra. Nuair a bhéadh sé deas de bhun an pháirc, b'fhéidir gur ainmhidhthe droch-mhúinte a bhéadh ins an pháirc, ní bheádh leigheas aige annsin acht pilleadh agus a dhul thart an bealach mór.
    2. Bean gan leanbh bean gan leithsceul.
    An bhean nach bhfuil leanbh aicí le é a chealgadh ní bhíonn leithsceul ar bith aicí le í a bheith 'na suidhe, gan í a bheith ag obair.
    3. Fear gan píopa fear gan scíthiste.
    Fear ar bith a bhíos ag obair ní thig leis stad muna bhfuil píopa le deargadh aige.
    4. An té is ciúine is é is buaine.
    An duine a bhfuil foighid mhaith aige glacann sé gach rud go réidh acht bíonn daoine eile ann agus glacann siad gach rud go garbh. Acht an té a ghlacas gach rud go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Chanann
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Chathal Ó Canann
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal