School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 279
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air.
Cladach na Luinge:- Am an Droch-shaoghal tháinig long eadaigh isteach ann agus í luchtaighe le coirce. Briseadh í agus cailleadh an fhuireann uilig.
An seasgan beag:- Deirtear go raibh loch mhór annseo uair amháin agus go raibh easconna neimhe inntí agus baisteadh an "seasgan" air ó shoin - Áit-ainmneacha
1. Tá talamh faoi an teach s'againn agus tá fána an-mhór leis ag tarraingt síos ar an fhairrge. Tugadh an "Mhullaigh" mar ainm ar an áit.
2. Ar an taobh theas de Mhachaire -Rabhartaigh tá páirc eile agus (tá) sé an t-ainm ata uirthí "Páirc an Phoill Mhóir". Islean Mór atá ann istigh idir dhá chnoc.
3.Tá lag íseal thuas ar Chnoc-na-Naomh agus móin ghá bhaint ann gach bliadhain agus sé an t-ainm atá air "Lag na bportach". Fadó a baisteadh an t-ainm sin air mar go mbíodh muinntir an bhaile uilig ag baint mónadh ann agus bhíodh a gcuid bachtaí acú ann.
4. Cupla slat taoibh thuas de'n áit sin tá mullach árd caoráin agus bheireann na daoine mar ainm air "An Moll Bán" cionn'us gur túrtógaí móra bána a bhaineann na daoine ann.
5. Tá giota beag eile talaimh agus tig an lán mara isteach gach lá ann agus baisteadh mar ainm air "An Deán", Tá scraith bhog ann fosta.
Áit ainmneacha atá ar fheirm Sheáin Mhac Fhlaithbheartaigh
6. Tá cuibhreann mór talamh ag síneadh céád slat síos ag tarraingt(continues on next page)- Collector
- Seamús Mac Géidigh
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 93
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal