School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 278
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    daoine ag baint mónadh ann. Sin an dóigh gur fágadh an túrtóg ar an chreig. Deireadh na daoine annsin go rabh bearrád ar an chreig.
    Tugadh "An Scraith" ar áit eile mar gur giota mór talaimh bán atá ann. Tá cuid mhór uisge ann agus tá an talamh atá ann an-bhog. Tá áiteacha ann agus tá siad tirm. Is féidir le eallach a bheith ag ingilt ionnta ins an t-samhradh. Sin an fáth ar tugadh "an Scraith" ar na -háiteacha boga.
    Tá páirceanna eile thart fa'n áit seo fosta. Páirceannaí an phuill mhóir a bheirtear ortha mar go bhfuil an áit a bhfuil siad suidhte cosamhail le poll mór. Isleán mór atá ann agus tá cnoc ar thrí taobhanna de. Ar an taoibh eile,toighthe atá ag shíneadh amach uatha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Áit-ainmneacha
    Tá siad seo uilig chóir a bheith suidhte i Mín-na-Lárach agus i mbarúntacht Chill Mhic Éanáin.
    "Creig bun an Áilt" Sé an fáth ar baisteadh an t-ainm seo uirthí tá alt mór na luighe cnoca beag taoibh thuas dí.
    "Gárradh Bhriain":- Bhí teach mór dhá stór ag Briain Huddy Airt astoigh san ghárradh sin.
    Clúdaigh Dhomhnaill Bháin:- Bhí fear as anoir an tír darbh 'ainm Domhnaill Bán ag gabháil siar go Mín -an -Chladaigh a d'amharc ar a chuid daoine muinnteardha. Bhí sé ag gabháil siar cois an chladaigh agus deirtear go rabh craos fairrge móire ann. Tháinig tonn amháin agus tógadh amach ó dhruim an chapaill é agus fuarthas báidhte sa chlúdaigh ar maidíné agus baisteadh "Clúdaigh Dhomhnaill Bháin"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Collector
    Máire Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Aodh O Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal