School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 274
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Cut sgallta":- Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air:- Bhí talamh an bhcht ann agus tá go fóill Ní bhíonn mórán báirr air nó níl ann acht clocha.
    Cró na gcearc;- Sé an fáth gur tugadh an t-ainm sin air: ba ghnáthach leis na sean-duiní cró fód a bheith annsin aca fá choinne a gcuid cearc a bheith annsin aca agus fá choinne a gcuid caorach fosta.
    Creig Chorr na máirnealach:- Cailleadh lucht bád ar an chreig seo ba as na h-oileáin thiar iad. Bhí fear agus bean i n-a gcomhnuidhe ar oileán Uí Bhaoghail. Bhí an fear i gcomhnuidhe ag troid leis an mhnaoi. Acht chuir sise sgéala chuig a gcuid dearbhráthar leis an fhear a mharbhú. Bhí sise le teinidh a lasadh ar an chéideádh le iad a theacht isteach ann. Acht d'imthigh seisean agus las sé teine ar an chreig seo. Nuair a bhí siad ag teacht thugadar (leo) aghaidh air. Thainig siad isteach fhad leis an chreig agus briseadh an bád agus báitheadh an t-iomlán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Áit-ainmneacha eile
    Is í Machaire Rabhartaigh, Gort-an-Choirce i mbarúntacht Chill-Mhic Eanáin atá na h-ainmneacha seo uilig.- Seo liosta aca:
    An gárradh beag, an Lag, an sruthán mór, an Mullach mór, Cur an mhullaigh, Gárradh Nell, Curr an Mónadh, An t-Árd.
    An Gárradh beag:- Gárradh beag é seo atá suidhte ag taoibh na trágha. B'éigeann claidhe a chur thart air le críoch a dheanamh idir é féin agus talamh eile. Ní rabh mórán toirte aige nuair a bhí an claidhe air agus baisteadh an "Gárradh beag" air.
    "An Lag":- Tá píosa de chuid talaimh chúpla duine suidhte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Collector
    Máire Nic Géidigh
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
    Informant
    Anna Ní Mhaolcharain
    Gender
    Female
    Address
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal