School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 267
- XML “Molly Bhán”
- XML “Peata Phádruig”
- XML “Máirín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)De bhrígh gur tóghadh a fuair Molly Bhán.
- Peata PhádruigI. 'S daor a cheannuigh brocaigh do shiubhal a Phádruig.
Ar a ghabháil go abhainn an t-Samhadh duit a's rópa i do láimh leat
Ar philleadh abhaile duit fuair tú brocaigh báidhte
Chrom tú do cheann a's chaoin tú go cráidhte.
II. Stilléirí chloinn Mháire na stilléirí go náire
Cha dtabharfadh siad deor, le h-ol do chaillín nó do páiste.
Dá dtiocfadh na síothmhaoir ortha, ní chuirfimís láimh leo.
A's rún leis an chrúsgín as bíodh sé lán.
III. Tá peata ag Eoghan Ó Dubhgáin as ghlacadh sé a bheith liomra
Tá ceithre cinn eile ann a's shílfeá gur pápa iad
Tá dhá ladhair coise ortha a's laingín ar a lorg.
A's gur thíos i lag na seamróg d'fhuigeadh Meadhbha gach lá iad.
IV. Tiocfaidh peata Chaitlín 'na ghárraidh seo amáireach
Cuirfidh seisean imrtheadh ar pheata Sheáin Phaidín.
Caidé thug ort a rádh gur gadaidhe mé sa ghárradh?
Má théid an chúis chun tosaigh cé h-air a mbéidh an cápa?
As ólfaidh muid sláinte na n-eunlaith.- Collector
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua hArlaí
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- MáirínIs iomdha amhrán binn a rinneadh le mo linn,
Is leathnaidh mé le sin mo mháirín beo.
Acht éist anois, a bhuachaillí, fá rann anois do mhnaoi(continues on next page)