School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 262
- XML “Amhrán Eile”
- XML “Amhrán Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán Eile (continued)
“Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe”
(continued from previous page)Is tá na céadtaí fear a ngrádh léithe go bráthach nach dtig chun cinn
Agus ma thug mé grádh do Mholly Bhán níl náire ar bith liom ann.Stócach óg a rinne an t-amhrán seo. Bhí sé i ngrádh le cailín óg a d'fhág an baile agus a chuaidh go condae Mhonacháin.Amhrán Eile
“Tiocfaidh an Samhradh agys fásfaid an féar”
I. Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar,
Agus tiocfadih an duilleabhar glas ar bhárr na gcraobh,
Tiocfaidh mo chéad searc le bánughadh an lae, agus buailfidh sé port ciúin le cumha mo dhiaidh.II. Is óg agus is óg a chuir mise dúil i ngreannn
Agus dhéanfainn súgraidhe le mo rún ar faill.
Agus níl aon bhaile cuain dá ngluaisinn ann nach bhfuighinn cailín óg deas a shiubhalfadh liom.
III. Ó sgairt mé aréir ag an doras ann
Agus sgairt mé airíst le mo ghrádh go teann,
Sé dubhairt a h-athair liom ná raibh sí ann, nó gur éaloidh sí aréir leis an bhuachaill donn.
IV. Ó! Splóid ar an fhairrge nach h-í atá mór
Do chuir sí eadar mé agus mo mhíle stór
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag deánamh bróin, agus gan dul na bhaile agam go Samhain úr.V. Tá an oidhche seo dorcha agus béidh go lá,
Le dul na "Muine" suas a iarraidh mná.
Is ag Aodh mac Fhionnlaigh a bhfuil aige a sháith, go bhfuighidh muid Máire is[?] agus faoi na láimh.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal