School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 261
  3. XML “Amhrán”
  4. XML “Amhrán Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán (continued)

    Seo amhrán a rinne muinntir Tharraigh indiaidh iad atheacht anall as na Stát Aontuighthe

    (continued from previous page)
    san oidhche agam nó an "landlady" le díol tráthnóna.
    VI Iar éirghe dam-sa ar maidín gus ag cur mo chos i mo bhrístí.
    D'fhiafruigh mé de'n "landlady" caidé súd a bhí ag sgréachadh.
    A choileáin óig, a chroidhe, ar sise caidé an seórt tír a d'fhág tú.
    Nó ar oibir tú ariamh luaich páighe.
    Sin iad na fideogaí ag cruinniughadh isteach na n-oibreannaí.
    VII. A's maidín a's tráthnóna ba mise a bhí go h-uaigneach
    Ag smaointughadh ar mo mhuinntir gus an t-oileán a bhí mo dhiaidh
    Nár mise a bhí óg amaideach a d'fhág mo bhaile dhúthais agus a chuaidh a d'obair ins na Státaí
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Amhrán Eile

    Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín buidhe

    Amhrán Eile
    I. Do bhí mé lá gan amhras ag dul síos an bhóithrín bhuidhe. Maidín aoibhinn Shamhraidh dar liom bhí an domhan i na luighe.
    Cé tharlaidh damh ach spéir-bhean a ba deise ach b'fheárr a dlaoi.
    Mo chreach! mo léan! agus mo anger sí an bhean do bhreis mo chroidhe
    .
    II. Ó! 'Dhia gan mise i Monacháin 'gus mé i mo cheannuidhe snáth.
    Mo mhuirnín deas i n-aice liom 'gus níor bhfada liomsa an lá.
    Go sgairtinn ar an bhiotáilte agus go ndíoladh Máire an cháin
    'S go shnámhfainn ar an fhairrge do Mháire barramhail mhná.
    III A stór, ná bíodh ort buaidhreadh, nó brón, nó briseadh croidhe,
    Ní nídh ar bith de'n t-seort sin a sháruigheas spórt an t-saoghail.
    Nó dá mbéadh agam sa domhan mhor, is a bhfuil i gcófra ghlas an ríogh
    Is duit-se bhéarfainn é mar fhéirann acht éalódh liom mar mhnaoi
    IV. Luigfidh mé sa choirnéal agus béidh mé breoidhte tinn,
    Ag fiafrughadh de mo mhuirnín an gcíorfadh sí mo chionn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    47
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal