School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 259
  3. XML “Cluiche Eile”
  4. XML “Cleas Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cé bith a thógadh é gheibheadh sé le h-ithe é i na dhiaidh sin bhí an ceann eile fágtha aca agus an duine a fuair an chéad cheann gheibheadh sé é sin leis an chluiche d'imirt. Bheireadh sé sin leis taírnghe agus chuireadh sé isteach sa séileáil é. Annsin gheibheadh sé córda agus chuireadh sé ar an ubhall é. i na dhiaidh sin chuireadh sé an córda isteach ar an táirnghe agus d'iarradh sé ar (an) dhuine breith air le an bhéal. Nuair a bhíodh an duine sin ag dul a bhreith air tharnóchadh sé suas é. Bhíodh sé ag dul leis mar sin nó go dtigeadh sé go dtí an duine ba chríonna aca. Nuair a thigheadh sé go dtí an duine sin, bheireadh sé léim anáirde agus bíodh sé leis i n-a láimh, agus théigheadh sé amach ar an doras. An dara h-oidhche bhíodh sé aca bhíodh páistí úra aca i n-áit an mhuinntir a bhí aca an oidhche roimhe sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cluiche fá-choinne leanbhaí óga a chur ag gáirí.
    Ar dtús gheibh duine píosa beag leathair agus ghnídheadh sé thart cruinn é. cosamhail le roth Annsin gheigh sé sreangán agus cuireann sé dhá pholl i gcroidhe an leathair. Cuireann sé an sreangán dúbhailte isteach ins na poill agus bíonn sé réidh aige annsin Cuireann sé a mhéar isteach i n-gach ceann de'n t-sreangán agus casann sé é, Bíonn sé a tharraingt go bog anois agus aríst agus an leathar ag gabháil thart iongantach gasta
    Cleas eile
    Cruinnigheann cuid mhór páistí agus gheibh rópa fada. Téigheann siad i n-a dhá sgaifte agus téigeann gach sgaifte aca i n-éadán an sgaifte eile agus toisigheann gach taobh a tharraingt an rópa chuca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Géidigh
    Gender
    Male
    Informant
    Peadar Mac Fhionnlaigh
    Gender
    Male
    Age
    62